Seamus Breathnach’s Irish-criminology.com examines Irish society through its norm-creating as well as its norm-breaking agencies. These include the Church controls of Ireland’s State -- its Schools, Law, Police, Courts, Prisons, Media and much more...

 

5.) Crime and punishment in 19th century Ireland.

5a.) The Riddle of the Caswell Mutiny (1875)

5b.) The Maam Trasna Murders (1882)

 

(31-36)

B'iad na rudai a d'oibrigh tionchar orm-sa. Agus nuair a bhios ag imirt iomanaiocht ar son an chontae, is cuimhin lion go brea go raibh an duine ina aonarain agus cumanachas an Stait Cliarlathach mor thimpeall agus a d'oibrigh mar rud coigrioch, fuar, agus namhaideach. Bhi dha aghaidh ar an Stait Romhanach, ceann pearsanta a cuireadh in iul go deo gur pearsaniul i (mar ba baineann riomh an Phoblacht), gur graiuil i, agus go raibh gra aici duit fhaid is a bhi gra agatsa do Dhia an Stait Romhanach. As an gcreideamh ba dhobair duit bheith beasach, baiul, reidh le h-aghaidh na h- oibre, i do thost i dteach na smaointe, agus croga in am an ghatair. Murach na suailce seo, cifea-sa agaidh eile an Stait Romhanach, an aghaidh cheanna a bhi ar an Stait Phrotastunaach le linn an naouaoisdeag, aghaidh an institiuid eagraithe ar bhonn a chumhacht fein

Chuaigh cairde i ngach aon treo gur feidir leo imeacht. Ritheadar leis an sagarthoireacht -- go Sasanna, go Meiricea, agus dos na saibhir go colaisti aitiula. Bheadh sagairt ann, maith go leor, ach bheadh sagairt eilee ann freisin. Chuaigh na boicht thar lear and sliocht na bfheirmeoiri ag a' baile mar sagairt paroiste. Chuaigh cinn eile leis na Bainc, eile ar an imirce, eile dos na Gardai Siochana, eile da theaghlaigh, agus ba dhobair do lucht an bhaile fanacht ag a' baile le 'h-oideachas' chlaisiceach narbhfiu tada e ach amhain doibh siud go raibh fonn ortha imeacht ag sagartoireacht le h-Impireacht na Roimhe. A mhalairt de 'oideachas' a bhi ann. Bhi damaiste as an ghnath deanta don deagoir Eireannach le h-oideachas na m~Braithre Chriostai, B 'fhearrde dho gan aon 'oideachas' den saghas san, mar ba mifhollain e. Agus diaidh ar ndiaidh, nuair a d'imigh na blianta, thainigh beagnach gach aon chara a chuaigh leis an sagarthoireacht thar nais. D'fhag siad na h-institiudi reiligiunda agus ba dhobair doibh tosnu aris ag foghlaim sibhialtacht nach raibh riomh ar a gcumas a fhoghlaim. Tar eis treimhse fada leastaigh den Chaitlicheachais ta se rodheanach don ghnath dhuine bheith ina sibhialtach follain. Chaith me seal ghairid i bfhorsai chosanta (RAF) na Banriona. Chaith me seal eile mar chleireach san AA i Leicester Square,agus ameasc cairde Eireannacha ag deire na seachtaine agus ameasc Sassanaigh i rith na seachtainne -- agus cuma ar chuile cheann againn gur scriobhnoir as an ghnath sinn -- ba bhrea an t-am a bhi ann. Ba leasc liom teacht abhaile.

Ach i 1965 thaining me abhaile agus chaith me chuig bhliain sna Gardai Siochana. Thosaigh na cluichi aris agus lean iad ar feadh deich mbliana. In Abbeydorney i gCiarrai thuaidh bhi foirn iomanaiochta againn as an gnath agus bhuamar an corn Ciarraioch sar a dimrios go Corcai m'oideachas a leanuint. I gCorcai rinne me staidear are chumarsaid agus ina dhiaidh sin ar an dli. Bhi claonadh mhor na scriobhnoireachta orm ag an am san agus chaith me seal ag scriobh don Nationalist i gCeatharlach agus ar uairibh dos na h-Irisi Ghaelacha.

 

Saatedammen Na Danmhairge

Sean: Bhi baint mhor agat leis an Danmhairg-- ar feadh fiche blian no mar shin?

Seamus : Do bhi. Ni fheadair cathan a tharla se ar dtus no conas a thosnaigh se ach is cuimhin liom Jette o thus. I gcomhtheacs na Danmhairge dhe is cuimhin liom go maith an eite chle ann agus an tsli ina raibh siad eagraithe sna collectives. Ba shaibhir as an gnath iad. Agus bhi cuma agus beasa orthu mar da mba Eireannaigh iad -- ach a mhalairt go doimhin a bhi ann. Ni h-ionann iad chur ar bith ina gcuid smaoinimh, a gcuid oibre, a gcuid ealaiona, no a gcuid fealsaimh. Agus tareis dom bheith ag dul ann ar feadh 20 bliain taitnionns sli beatha na Danmhairge go mor liom. Agus bhi an ceart, dearfainn, ag Rudi Dutsche, tareis eiri amach na ndaltai iolscoile in 1968 agus an follow up do tharla le h-Axel Springer, nuair a chuaigh se ar an imirce go dti an Danmhairg.

Sean: Ach cad iad na samhail a bhi agat i dtus baire?

Seamus: Is cuimhin liom Jette i gColaiste na Trinoide.

Sean: Ni raibh si ag staidear no ag leachtoireact ann?

Seamus: Ni hea. Ce gur ball den Danish Academy of Pharmacists, ni raibh si ag leachtoireact ach so mheid go raibh si bailithe ag Congress eigin le suim mhor ag an am san i genetics. Is cuimhin lion go gear ce chomh chumhachtach a bhi si, agus an tsli in lamhseial si beirt Suallannaigh a bhi ann freisin. Ba chumannaigh chumasacha iad na Sualannaigh; ach bhi Jette -- agus roinnt mhaith elile de Danmhairgigh freisin -- ar an dtuairim go raibh na Cummanaigh ro-choinbhinsineach, ro-conservative amach 'is amach. Agus ar abair genetics rith an argoint go poibli agus bhi se 'hot-agus-heavy' mar a dearfa. B'shin an ait gur bhuail me lei i dtus baire.

 

Tra Da Raibh: Jette, Morden, agus Mise

I nummer tolv og I bFhaelleshuset

Sean: Agus annsan?

Seamus : I dtus baire chuamar ag siopadoireacht. Thosaigh Jette ag faire timpeall ar siopa amhain go raibh shelves agus shelves de tinned food. Agus cogar, ar sise, ach measaim go bhfuil daoine sa chomarsain seo breoite leis na galair seo leanas. Agus lean si ar aghaidh ag liostail na galair breotaiteochta a cheap si go raibh ann go forleathan. B'as an bia a itheadar agus na tinned foods a bhiodar breoite, dar lei. Bhi si ar cheann des na daoine is cliste dar bhualas lei, ce nach raibh si ach cupla troig in aoirde.

Sean: Cad mar gheall ar na Danmhargaigh fein?

Seamus: Is cliste, cairdiuil agus polaitiuil thar na bearta iad. Ar an gcead dul sios ni ligfidis d'einne teach ina lathair agus an chumhacht shoisialta a tharaingt chuige fein, faoi mar a deintear go minic annseo. Is cuimhin lion mo dhearthair (marbh anois) Conchubhair a ra dhom nach raibh ach fuath aige don Easpag Eamon Casey. Cen fath? a dfhiafrios de, mar ag an am bhi se de shior ag imirt ceoil le sagairt airithe agus ni raibh aon milleain ar an Easpag ag an am. "Ma ta microfoin ar bith ann", ar seisean, "togann Casey e. Do chonachathas dom e ar uairibh i nGailleamh , agus do lean se de shior ag caint mar da mba rud e nach raibh rudai nios suimiula le ra ag daoine eile. Sin an fath!" Sa Danmhairg ni feidir a leitheid a tharluint gan cead an phobail; mar ba mhibheasach an rud e sa Danmhairg cumhacht ar bith a lorg o lucht eisteachta gan cead cainte tugtha dho. Ni he sin le ra nach saor agus liofa iad. Ni hea. Caithfear a thuiscint nach ligeann siad chomh h-easca do dhaoine structuir politiiochta a chur ar bun gan freasura. An t-ealaiontoir an fear amhain a thugtar saoirse mar sin; agus caithfidis-ne freisn cead a fhailt ma ta fonn orthu leanuint. Rud eile dhe a chuirfeas in iul duit cen saghas daoine iad na Danmhairgigh. Trath amhain do bhiomar chun kites a eitilt. Roinneadh sinne suas in ocht pairti, tugadh leabhair duinn uile, agus do shocraiomar na kites a dheanamh. Sa trathnona Domhhnaigh mar a tharla se, ni fhac me riomh an meid sin kites a heitliodh. An rud ba shuntasach na an meid sin difriocht a bhi idir na kites... Ni raith ceann amhain deanta cosuil le ceann ar bith eith. B'shin cuis agus tortha na leabhar. Baineadh usaid as na leabhair ar an collective gach aon uair a thosaigh muid ag cantain no ag deanamh ceoil ar uirilisi cheoil.

Eagraiodh gach aon ceiliuradh ar an gcollective go beacht ce go dtuigfea nach raibh aon rud ag tarluint seachas cuairtiocht i dteach amhain no i dteach eile, no sa Faellshuset, Teach an Chomhluadair.

Sean: Ceard a tharla do Jette agus Morden?

Seamus: Bhi cumhacht airithe ag Jette sa Danmhairg. In aimsear an chold war dob eigin di teisteanna a dhenamah ar chulaith eadaigh an lucht oibre maidir le Cancer. Anois, ta fhios ag na Danmhairgigh nios mo na einne eile gur carcerogenic chuile rud , ina measc duplicators, xerox machines, tar, epouxy, na gloine plaisteacha, srl. Sa tir seo ni bfheadfa fiu teacht ar engineer a thogfas fianaise go carcerogenic asbestos; ach sa Danmhairg bhi caighdean moralachta i bhfad chun tosaigh orainne, moraltacht eolaioch agus cursaid eolaiocthta ata i gceisst. In aon chas dob 'eigin do Jette teisteanna a dheanamh ar na rudai seo, agus ar uairibh dearfadh si go raibh, mar shampla, 20% de seans ann go raibh an bia no a culaith eadaigh seo ionchosanta ar leibheal a 20%. Anois d'fhreagrodh lucht na tionsclaiochta nach raibh ann ach 5% de seans go bfhaighfea cancer as. Agus d'fhreagrodh Jette agus na ceard chumainn taobh thiar di, nach ceadaitear aon seans go bfhaigheadh la lucht oibre cancer.

Sean: Ar deire bhi stand-off ann?

Seamus: Direach e, agus chuirfear bru mhor uirthi, mar na beadh an lucht oibre abalta obair ar bith a bhaint amach. Tar eis na blianta , d'eirigh si breoite. Fuair si Cancer as na teisteanna a bhi si de shior a dheanamh agus d'eag si. Bhi galar mor ag Morden freisin; ach d'eirigh go geal leis in Iolscoil Chopenhagen agus do chonaigh se le John Maxild, deirthair le Jette. An rud deireannach a chualas na go baint aige leis an eite dheis; mar da mba rud e nar chaith a mhathair a saol ag troid ar son an eite chle. Mar fhocail scoir: ba le h-airgead - na milte kroner -- a chaith an eite chle ar ar gcoras follaine ba chuis le slainte Mhorden. Da mbeadh an eite dheis ar bun, ni bheadh se beo anois.

 

Cinsore, Fagaras agus Brasov Na Romaine

Is sraidbhaile i Cinsore ( as Romainish 'Sing-shore'). Luionn si leasmuch de Fagaras, Fagaras (as Romainish 'Fagarash') baile mhor lena Chaislean fhein -- cosuil ,bfheider, le Ceatharlach, ach na laetheanta seo nios boichtede. Agus ce nach Bucharesti e Brasov (as Romainish 'Brashof'), is chathair de chineal eigin e ata ar fheabhas o thaobh daoine, rudai seanda ann go foill, an chearnog ard mhor ar cheann an bhaile, agus ait mhoir in bPoianna do lucht an shneachta Church, togtha sna meanaoiseanna, le sliabh mhor cludaithe le crainn ar the chnoic morthimpeall, agus tithe seanda le pick-a-boo fuinneoga ar oscailt ionta go foill. An rud a chuireann ionadh orm na ceist an spais phoibli. Mar a fheictear dom e, fiu in ait chomh bocht is ata an Romain, taitnionn spas poibli leo. Measaim gur rud Romhannach e; mar ar fud an Impire ar fad, feictear duit an tsli ina phleanaitear an spas poibli. Baineann an pobal ar fad sasamh as na cearnoga moire. Agus ce gur chonachas dom nios fearr agus nios ailne in aiteacha eile, ta an suailce poibli sin ann. Cen fath , deirim lion fein, nach bhfuill an suailce sin againn? Cen fath go bhfuathaimid spas ar son spas? An rud Phrotastunach e , nor an rund Romhannach? No an ionann ann bheirt? Dearfainn nach feidir linne spas ar bith a fhulaingt. Murach na Sassanaigh ni bheadh aon phairc againn. Fagadh ceann i gCeatharlach, agus cad a tharla dho? Da mbeadh a fhios ag Bernard Shaw... Ach ni he sin ata i gceist agam. Ni feidir linn spas poibli a fhoirgneamh i dtus baire, agus pe ait a bfhaightear spas -- cearnog mhoir , mar shampla -- be cinnte dhe go gcuirfear mion-rudai chailc no eile ann sara fada. Ar shli ta meon an lepreachain go foill ionainn, agus fuathaim muid an spas mor. Cad a dheanfaimis le Tineman Square? Cad a dheanfaimis le cearnog uasail ar bith? O thaobh tabhacta dhe is ionann Cinsore, Fagaras agus Brasov agus Baile An Fhirteirigh, an Daingean agus Cill Airne, mar shampla. Ce gur rugadh agus togadh Caiti agus Maidi i bFhagaras ar feadh tamaill, teann siad ar scoil i mBrasov. (Ar feadh tamaill nuair a bhiodar nios oige bhiodar ar scoil i Rath Maoinis freisin, ach nior thaitn se go moir lena mathair). Agus idir an da linn bhi coimhlint mhoir ina n-intinn acu idir na sean-chomharsai i bFhagaras agus an dream nua i mBrasov: Maidi ar son na cairde i bFhagarass agus Caiti, an ceann is oige, ar son a cairde i mBrasov. Ach is giorra an choimhlint mar dobe fas na leanbh an rud is tapiula riomh. Sara mbionn am agat iad a chomharaimh taid ina deagoiri agus beagnach ag an am cheanna taid fasta ina mnaibh oga. Agus go foill , teann an tseana-mhathair

Sna pictiuiri thuas feictear duit na leanai Caiti agus Maidi le Momma Ileana. Sa phictiur eile taid laithreach nuair a phosann Mise agus Ileana, agus annsan go hobann taid ina dheagoiri, annsan ina chailini, agus annsa ina mhnaibh oga.

 

 
You are visitor number  
© 2007 by Irish-Criminology.com - Last Update: 28/09/08 - Contact  Webmaster - Cpanel - Mail Login